Friday, February 06, 2009

Friday Flash Fiction: Fear an Ghondola

My tour of Celtic langauges continues this week with the Irish translation of The Gondolier.


Fear an Ghondola
Le Gareth D Jones


Shlis gob ciar mo ghondola trí uisce ciúin na gcanálacha go séimh. Is maith mar a d'fhóin an bád slim dom le blianta anuas, maith mar a d'iompair sí paisinéirí ar uiscebhealaí na cathrach faoi stiúir lámha mo sheacht sinsir.

Bhí an ghrian ag dul faoi in éadan na seanchathrach, an t-uisce á fhágáil ina ribín dubh leagtha idir fhoirgintí galánta gaineamhchloiche. Tharraing mé lán scamhóige de leoithne fhionnuar an tráthnóna.

An raibh áit ar bith ab áille ab iontaí ná cathair seo na gcanálacha? Shleamhnaigh an bád isteach ina poll feistithe agus bhreathnaigh mé uaim go sásta, suas ar spéir chrónta Mharsa.

An Deireadh


Translated by Abigail Mitchell

1 comment:

Anonymous said...

Thaitin sé liom!